Nuacht & Imeachtaí

Fógraíonn an tAire Bruton an dara Ciste Forbartha Caipitil €75 milliún

Tá Ciste Forbartha Caipitil an BDO le díriú ar infheistíocht a dhéanamh i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide (SMEanna)

An 3 Márta 2014

Sheol an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton, T.D., ciste €75 milliún inniu (Dé Luain) faoin Scéim Forbartha Caipitil, chun tacú leis na cuideachtaí bunaithe Éireannacha atá ag díriú ar fhás suntasach ioncaim agus post trí na margaí easpórtálacha. Gné ríthábhachtach is ea forbairt agus tabhairt isteach na Scéime sa Phlean Gníomhaíochtaí le haghaidh Post.

Déanfaidh Ciste Forbartha Caipitil an BDO, ar a ndéanfaidh Caipiteal Forbartha (Development Capital) bainistíocht, fochuideachta 100% den BDO, infheistíocht i gcaipiteal forbartha agus fáis i gcuideachtaí bunaithe meánmhéide agus brabúsacha chun tacú lena bpleananna fáis easpórtála agus chun iad a chur chun cinn níos tapúla. Déanann seo talamh shlán le haghaidh ciste infheistíochta fiontair a thugann comhpháirtíocht ghormshlise corparáidí móra Éireannacha agus saineolaithe tionscail, anuas ar fhoireann thaithíoch infheistíochta, a sholáthróidh, i dteannta Fhiontraíocht Éireann, cistiú agus an taithí, saineolas agus for-rochtain idirnáisiúnta a theastaíonn chun cabhrú le deiseanna slána fáis ghnó. Is iad Banc na hÉireann, CRH plc, Glanbia plc agus Glen Dimplex na comhpháirtithe corparáideacha leis an gciste seo.

Anuas ar na comhpháirtithe corparáideacha, beidh rochtain ag na cuideachtaí infheistiúcháin ar shaineolaithe cruthaithe tionscail a chruthaigh, a d’fhás agus a d’fhorbair cuideachtaí Éireannacha, na cuideachtaí a leanas a raibh an rath orthu: Denis Brosnan (Iar-POF Kerry Foods), Alan Crosbie (Iar-Chathaoirleach an Irish Examiner agus saineolaí ar ghnó teaghlaigh), an Dr Noel Kelly (Iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Kentz), an Dr Jim Mountjoy (bunaitheoir Euristix) agus Helen Ryan (Iar-POF Creganna Tactx Medical). Tacaíonn Coiste Infheistíochta leis na Stiúrthóirí Infheistíochta Forbartha Caipitil ar a bhfuil Eoin O’Driscoll ina Chathaoirleach (Cathaoirleach SWS).

Cuideachtaí Éireannacha a bheidh i measc na sprioc-chuideachtaí agus beidh deiseanna móra acu le haghaidh post agus fás easpórtála. Cuideachtaí meánmhéide a bheidh i gceist leo, go ginearálta, a bhfuil cumas ardfháis acu agus láimhdeachas bliantúil idir €15 agus €50 milliún. Bunaithe ar na deiseanna reatha fáis, is dóchúil go n-eascróidh tromlach na n-infheistíochtaí ó na hearnálacha bia agus talmhaíochta; na heolaíochtaí beatha agus teicneolaíocht ghlan; TFC/bogearraí agus tionsclaíoch/innealtóireachta.

Leanann fógra an lae inniu fógra an chéid Chiste Forbartha Caipitil €125 milliún i Samhain 2013. Tá an Scéim Forbartha Caipitil mar chuid de shraith foinsí airgeadais neamhbhainc a tugadh isteach faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais le haghaidh Post ina bhfuil cistí iomlána breis agus €2 billiún ar fáil le haghaidh gnó.

 Agus an fógra á dhéanamh inniu, dúirt an tAire Bruton:

 “Faoi mar a luaimid arís agus arís eile, tá ár ndaingne le sonrú ag croí ár bpleananna post chun inneall cumhachtach d’fhiontar Éireannach a chruthú ar aon dul lenár n-earnáil láidir ilnáisiúnta. Tá go leor gnólachtaí meánmhéide iontacha suite ar fud na tíre in earnálacha ar nós earnáil an bhia, na déantúsaíochta agus na hinnealtóireachta – ach is mian linn tacú le níos mó díobh chun dul faoi níos mó fáis, níos mó easpórtála a dhéanamh agus chun níos mó daoine a fhostú. “

Breisiú mór is ea an ciste nua €75 milliún seo ón BDO leis na tacaíochtaí atá ar fáil don earnáil ríthábhachtach seo. Ní hamháin go ndéanfaidh sé suimeanna idir €2 milliún agus €10 milliún a infheistiú in 15 de na cuideachtaí seo, ach soláthróidh sé rochtain ar mheantóireacht agus ar shaineolas eile ó dhaoine a rinne amhlaidh cheana féin. Tacaíocht nua an-tábhachtach is ea seo a dhéanfaidh fíor-dhifríocht do na gnólachtaí sa chatagóir seo, agus cabhróidh sé le níos mó cuideachtaí dul faoi níos mó fáis, níos mó a easpórtáil, agus níos mó de na poist a theastaíonn uainn a chruthú, ar deireadh thiar”.

Bhí an méid a leanas le rá ag Julie Sinnamon, POF, Fiontraíocht Éireann: “Gné ríthábhachtach is ea cistiú le haghaidh ghnólachtaí na hÉireann go n-éireoidh leo gnó thar lear a fháil agus poist a chruthú. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an BDO as ucht sraith an-uathúil d’infheisteoirí a thabhairt le chéile chun an dara ciste a chruthú faoin Scéim Forbartha Caipitil. Is eol dom go gcuirfidh an BDO, agus an bord comhairleach a chruthaigh siad chun tacú lena gcuideachtaí infheistiúcháin, breis luach tábhachtach sa chabhair a thabharfaidh siad lena gcuideachtaí infheistiúcháin chun a straitéisí fáis a bhaint amach”.

Dúirt Sinéad Heaney, Stiúrthóir Bunaidh Chiste Forbartha Caipitil an BDO: “Mar chomhpháirtí cistithe, ní hamháin go soláthróidh Caipiteal Forbartha cistiú do chuideachtaí infheistiúcháin, ach taithí, saineolas agus for-rochtain idirnáisiúnta gach cinn de na comhpháirtithe inár gCiste, is é sin, stiúrthóirí taithíocha infheistíochta, na Corparáidí Éireannacha agus Idirnáisiúnta is fearr agus saineolaithe cruthaithe tionscail. Táimid muiníneach go spreagfaidh an cur chuige uathúil seo treise agus saineolas gach duine dár gcomhpháirtithe chun gnímh chun fíor-thorthaí margaidh a bhaint amach maidir le díolacháin mhéadaithe easpórtála agus cruthú post”.

Dúirt an tUasal Heaney, chomh maith: “Aithnímid na deiseanna suntasacha fáis atá ar fáil i measc cuideachtaí meánmhéide agus déanfaimid infheistiú idir €2 milliún agus €10 milliún i thart ar 15 de na cuideachtaí infheistiúcháin seo agus cabhróidh ár bhfoireann go gníomhach leo chun na deiseanna seo a uasmhéadú agus a chur chun cinn níos tapúla. Ar feadh tréimhse cúig bliana a bheidh an tréimhse infheistíochta agus tá sé de rún againn an ciste a bheith go hiomlán infheistithe laistigh de thrí bliana. Sa chás gur féidir, beimid sásta glacadh leis an bhféidearthacht chun breis infheistíochta a ghiaráil ó chomhpháirtithe oiriúnacha comhinfheistíochta, ar nós banc agus gnáthscair phríobháideach”.

 Nótaí d’Eagarthóirí

An Ciste Forbartha Caipitil

Sheol an tAire Bruton an Scéim Forbartha Caipitil in 2012 mar chuid den Phlean Gníomhaíochtaí le haghaidh Post d’fhonn an fháil ar chaipiteal riosca fáis agus fairsingithe a mhéadú i bhfoirm chaipiteal cothromais nó caipiteal cuasachothromais ar mhaithe le cuideachtaí Éireannacha bunaithe déantúsaíochta agus ardfháis. Is iad príomhchuspóirí na Scéime:

An fháil atá ag cuideachtaí Éireannacha bunaithe ar chaipiteal riosca  a mhéadú

An bhearna chothromais a dhúnadh a bhfuil SMEanna Éireannach thíos léi

Infheistíocht na hearnála príobháidí a spreagadh agus a ghiaráil i  ngeilleagar na hÉireann

Trí phróiseas oscailte agus iomaíoch, chuir Fiontraíocht Éireann fáil ar cheangaltais €75 milliún do thrí chiste. Faoin Scéim, cuireadh ceangaltais ar fáil do chistí a sholáthróidh cothromas, cuasachothromas nó fiachas idir €2 milliún agus €10 milliún do chuideachtaí bunaithe infheistiúcháin. Seo an dara ciste a fógraíodh faoin Scéim.

Faisnéis faoi Chiste Forbartha Caipitil an BDO agus Development Capital Limited

Ciste €75 milliún is ea Ciste Forbartha Caipitil an BDO atá dírithe ar chaipiteal forbartha agus fáis a infheistiú i gcuideachtaí bunaithe meánmhéide agus brabúsacha chun tacú lena bpleananna fáis easpórtála agus chun iad a chur chun cinn níos tapúla. Déanann Caipiteal Forbartha an ciste a bhainistiú, ar fochuideachta 100% iad den BDO.

Is iad an BDO an Bainisteoir Ciste BES/EIIS is faide atá ag feidhmiú in Éirinn agus i gcomhar lena gcomhpháirtí comhfhiontair, Davy, d’éirigh leo 19 gCiste BES agus 3 Chiste Scéime EII a thiomsú agus a bhainistiú le 20 bliain anus. Is ionann seo agus breis agus €136 milliún.

Chruthaigh Caipiteal Forbartha samhail uathúil agus gan fhasach um chistiú cliste atá dírithe ar chur chuige comhpháirtíochta a thabharfaidh rochtain do na cuideachtaí roghnaithe ar chomhairle agus ar theagmhálaithe idirnáisiúnta ó réimse d'fheidhmeannachtaí móra chorparáideacha agus sinsearacha gnó Éireannacha, anuas ar chaipiteal substainteach a sholáthar. Is iad Banc na hÉireann, CRH plc, Glanbia plc agus Glen Dimplex na comhpháirtithe corparáideacha leis an gciste seo. Déanfar an ciste a infheistiú thar thréimhse deich mbliana, i thart ar 15 chuideachta. Déanfaidh gach infheistíocht idir €2 milliún agus €10 milliún a infheistiú ar feadh téarma infheistíochta cúig bliana.

Samhail um Chistiú Cliste agus Bord Comhairleach an BDO

D’fhorbair foireann Chaipiteal Forbartha, atá faoi stiúir na Stiúrthóirí Infheistíochta, Sinéad Heaney agus Andrew Bourg, Samhail um Chistiú Cliste uathúil do Chiste Forbartha Caipitil an BDO a sholáthraíonn caipiteal agus rochtain ar thaithí chorparáideach agus feidhmiúcháin mar aon le teagmhálaithe idirnáisiúnta. I measc fhoinsí caipitil an chiste tá Fiontraíocht Éireann, Banc na hÉireann, CRH plc, Glanbia plc agus Glen Dimplex.

Is éard a dhéanann an cur chuige uathúil seo ná stór fairsing agus domhain de thaithí ar ghnó idirnáisiúnta a chruthú ar féidir le cuideachtaí infheistiúcháin leas a bhaint as. Anuas ar na Comhpháirtithe Corparáideacha atá tiomanta do chistiú agus saineolas a sholáthar chun cabhrú leis na cuideachtaí infheistiúcháin, beidh rochtain ag na cuideachtaí infheistiúcháin ar shaineolaithe cruthaithe tionscail a chruthaigh, a d’fhás agus a d’fhorbair cuideachtaí Éireannacha, na cuideachtaí a leanas a raibh an rath orthu: Denis Brosnan (Iar-POF Kerry Foods), Alan Crosbie (Iar-Chathaoirleach an Irish Examiner agus saineolaí ar ghnó teaghlaigh), an Dr Noel Kelly (Iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Kentz), an Dr Jim Mountjoy (bunaitheoir Euristix) agus Helen Ryan (Iar-POF Creganna Tactx Medical). Tacaíonn Coiste Infheistíochta leis na Stiúrthóirí Infheistíochta Forbartha Caipitil ar a bhfuil Eoin O’Driscoll ina Chathaoirleach (Cathaoirleach SWS).

Cuótaí Comhpháirtí

Banc na hÉireann

Agus a thuairimí á nochtadh aige, dúirt Mark Cunningham, Stiúrthóir, Gnó Baincéireachta Bhanc na hÉireann, an méid a leanas:  “Tá gliondar croí ar Bhanc na hÉireann bheith ag tacú le Ciste Forbartha Caipitil an BOD. Is léir gurb ábhar mealltach do Bhanc na hÉireann an meascán ar leith de thacaíocht atá sa chiste ó chuideachtaí corparáideacha Éireannacha agus cuspóir straitéiseach an chiste chun uaillmhianta fáis SMEanna dúchasacha easpórtála ar fud réimse fairsing d’earnálacha. Mar bhanc, táimid tiomanta d'athshlánú agus d’fhás inmharthana na hearnála SME (€4 billiún arna fhaomhadh againn in iasachtaí nua agus méadaithe in 2013). Anuas air sin, léiríonn an tacaíocht a thugaimid leis an gciste seo tiomantas leanúnach an Bhainc do SMEanna agus ár n-uaillmhian chun bheith mar Bhanc Fiontair na hÉireann. Táimid ag tnúth lenár ról a chomhlíonadh i gcuideachta an BDO, Fhiontar Éireann agus ár gcomhpháirtithe nua corparáideacha”.

CRH

Ag labhairt ar son CRH, dúirt an Dr Jack Golden, Stiúrthóir Forbartha na hEagraíochta an méid a leanas: “Creidimid go gcabhróidh an tionscnamh seo le fás cuid de na gnólachtaí ardchaighdeáin beaga agus meánmhéide a chur chun cinn níos tapúla de réir mar a théann siad i ngleic le margaí domhanda. Léirigh ár dtaithí le 40 bliain anuas go mbraitheann post a bhunú thar lear an méid céanna ar líonraí a fhorbairt agus a bhraitheann sé ar chaipiteal a rochtain agus bhíomar an-sásta riamh aniar cabhrú le cuideachtaí Éireannacha atá ag iontráil na margaí ina n-oibrímid.”

Glanbia

Bhí an méid a leanas le rá ag Siobhán Talbot, Stiúrthóir Bainistíochta Glanbia Group: “Tá Glanbia an-sásta tacú le Ciste Forbartha Caipitil an BDO agus chun cabhrú le SMEanna dúchasacha easpórtála fás cothromaithe a bhaint amach agus chun easpórtálacha a chur chun cinn agus chun tacú leis an ngeilleagar intíre agus amhlaidh á dhéanamh. Ar fud an Ghrúpa, tá baint againn i líon tionscadail áitiúla agus idirnáisiúnta a lorgaíonn chun difríocht infheicthe a bhaint amach i bpobail áitiúla, áit a n-oibrímid agus táimid ag tnúth le hoibriú leis an BDO, Fiontraíocht Éireann agus le corparáidí eile ar an tionscnamh seo”.

Glen Dimplex

Dúirt Seán O’Driscoll de chuid Glen Dimplex an méid a leanas: “Thaispeáin Glen Dimplex, a thosaigh mar ghnó dúchasach Éireannach, trí scálú, conas is féidir gnólacht idirnáisiúnta a dhéanamh de ghnólacht faoina bhfuil bonn Éireannach. Nuair a tugadh an deis dúinn tacú le Ciste Forbartha Caipitil an BDO, bhí Glen Dimplex tiomanta láithreach bonn d'infheistíocht a dhéanamh mar léiriú dá dtacaíocht le scálú agus le gnólachtaí idirnáisiúnta a dhéanamh de ghnólachtaí Éireannacha agus dá dtiomantas do chabhrú le hathshlánú geilleagrach na hÉireann”.

Bunaíodh Glen Dimplex i 1973 agus is iad an déantúsóir téimh leictrigh is mó ar domhan, agus tá suíomhanna tábhachtacha acu ar an margadh domhanda i ngléasanna tí, fuarú, aerú agus roghanna fuinnimh in-athnuaite.

Inniu, tá Glen Dimplex i dtús cadhnaíochta maidir leis an réabhlóid ísealcharbóin, agus tá an réimse is fearr acu de roghanna téimh spáis agus uisce, fuaraithe, aeraithe agus aisghabhála téimh. Ar fud an domhain, cuireann na córais nuálacha ísealcharbóin seo ar chumas a gcustaiméirí astuithe CO2 a laghdú agus chun costas a chur as an áireamh.